Clár an Lae
10.00 – 13.00: Ranganna
An aidhm dheiridh atá againn ná feabhas a chur ar líofacht agus ar mhuinín cumarsáide an mhic léinn trí mheán na Gaeilge. Tá ranganna speisialta ann don Teastas Sóisearach agus don Ardteist. Cuirfear go mór le cumas cumarsáide an mhic léinn agus lena scileanna teanga don scrúdú cainte agus don chluastuiscint chomh maith.
15.00 – 17.00: Gníomhaíochtaí
Glacfaidh gach mac léinn páirt i réimse fairsing de ghníomhaíochtaí spórtúla, spóirt uisce san áireamh; cadhcáil, snorcallú, surfáil, bádóireacht, dreapadóireacht sléibhte, cluichí agus spóirt, Turais éagsúla: Trá brataí goirme, na hoileáin agus chuig áiteanna spéisiúla sa cheantar. Beidh beochan agus scannánaíocht chomh maith!
19.30 – 21.30: Imeachtaí an Tráthnóna
Céilithe, Dioscónna, Tráth na gceist, Oíche na Scannán Gearr, Drámaí, BBQ, Bréigéide and Oícheanta téama, Tá Tallann in Anagaire, Oíche Hawaii, Oíche na PJ’s, Comórtas na gContaetha, agus a lán eile….
Béilte: Filleann na mic léinn ar na tithe lóistín ag na hamanna seo a leanas:
9.15: Bricfeasta, 13.15: Lón, 18.00: Dinnéar, 22.15: Suipéar




Turais
Beidh turais lae ag na mic léinn nuair a oireann. Beidh turas againn go Litir Ceanainn ag siopadóireacht, go Dún Lúiche agus turas chuig Páirc Ghleann Bheatha chomh maith.


Múinteoirí
Fostaíonn Coláiste na Rosann na Múinteoirí Gaeilge is fearr atá ar fáil agus bíonn maoirseacht an-mhaith ann i gcónaí. Roghnaítear na múinteoirí ar bhun cumas cumarsáide agus cumas tuisceana ar riachtanais mac léinn. Tá na múinteoirí uilig ceadaithe ag an Roinn Oideachais. Foireann cháilithe a bhfuil taithí mhaith acu a mhúinfidh na modúil ilmheánacha agus uisce spóirt chomh maith.
|