small blue box
Yellow Box
big blue box
medium yellow box
- Lóistín

- Cad atá le déanamh sa cheantar

- Áiteanna le cuairt a thabhairt orthu

- Bialanna / Tithe Tábhairne / Óstáin

- Sláinte agus Leas


208
2010 Video
2009
2009 Video
2010
2008 Video

media

Lóistín  

Fanann na mic léinn le teaghlaigh Lán-Ghaeilge i gceantar Anagaire. Tá gach teach lóistín atá in úsáid againn ceadaithe ag An Roinn Ealaíon, Oidhreachta Gaeltachta agus Oileán. Míle amháin is ea an teach lóistín is faide ón gcoláiste. Ní bhíonn buachaillí agus cailíní ar lóistín le chéile. Lóistín leaba bhuinc atá i gceist le 2, 3 nó 4 mac léinn i ngach seomra. Ní gá don dalta éadaí leapa a thabhairt leo. Déanaimid ár ndícheall cairde a choinneáil le chéile ach é sin a chur in iúl ar an bhfoirm iarratais.

Áiteanna le cuairt a thabhairt orthu


Tá Anagaire suite 6 mhíle ón gClochán Liath, 8 míle ó Ghaoth Dobhair, 40 míle ó Leitir Ceanainn agus 43 míle ó Bhaile Dhún na nGall.

Radharcanna. Is ceantar álainn tuaithe é seo in Iarthar Dhún na Gall. Tá go leor tírdhreach agus mírdhreacht álainn ann. Tá togha na dtránna sa cheantar; Trá na Carraige Finne a bhfuil bratach ghorm aici mar shampla. Tá go leor bealaí cnocadóireachta sa cheantar chomh maith mar atá an Earagail agus an Mhucais. Is féidir turas báid a thabhairt chuig na hoileáin: Gabhla, Árainn Mhór nó Toraigh go laethúil. Tá Páirc Ghleann Bheatha agus a chaisleán áisiúil chomh maith.



Bialanna / Tithe Tábhairne / Óstáin

Tá rogha iontach bialann agus tithe tábhairne cáiliúla sa cheantar chomh maith. Gheobhaidh tú togha bia agus di in atmaisféar suaimhneach sna tithe seo. Tá gach cineál lóistín ar fáil chomh maith bíodh gur teachín traidisiúnta nó seomra óstáin den chead scoth atá de dhíth. Bíonn ceol traidisiúnta, rince céilí, seanchas, féilte, aonaigh cheardaíochta in aice láimhe i gcónaí. Tá ardchaighdeán maireachtála bainte amach ag muintir na háite gan scaoileadh leis na traidisiúin agus leis an oidhreacht a bhí acu i gcónaí. Tar ar cuairt agus cuir aithne ar do mhuintir. Beidh deis agat an cúpla focal a chleachtadh.

Beidh céad míle fáilte romhat. Féach thíos liosta den lóistín agus de na bialanna is minice a dtugann daoine cuairt orthu sa cheantar. Ní ghlacann an coláiste freagracht ar bith maidir leis na seirbhísí a chuireann iad siúd thíos ar fáil.  

Óstáin
Caisleán Óir, Anagaire 074 95 48113
An Chúirt Hotel, Dún Lúiche, 074 95 32900
Óstán Ghaoth Dobhair, Gaoth Dobhair, 074 953 1177
Seaview Hotel, Gaoth Dobhair, 074 95 31159


Bialanna
Danny Minnies, Anagaire, 07495 48 201
The Lobster Pot, Ailt an Chorráin 074 95 42012
Leo’s Tavern, Croithlí, 074 95 48143
The Tapas Bar, Gaoth Dobhair, 074 95 31177

 


Sláinte agus Leas

Mná Tí an-phroifisiúnta atá againn agus tabharfaidh siad an-aire do gach mac léinn faoina gcúram. Bí ag súil le faire na fáilte, cúram maith agus a bheith slán sábháilte sna tithe. Tá banaltra áitiúil a bhfuil taithí an-mhaith aici fostaithe ag an gcoláiste chun aire a thabhairt do ghnáthshláinte na mac léinn. Tá an tseirbhís seo ar fáil, saor in aisce do gach mac léinn. Bíonn dochtúir ar fáil i gcónaí i gcás drochtinnis/drochtimpsite.



Béilte
 

Tugtar ceithre bhéile do gach mac léinn in aghaidh an lae. Is féidir freastal ar réim bia speisialta nó veigeatórach ach é sin a chur in iúl tamall roimh ré.

9.15: Bricfeasta, 13.15: Lón, 18.00: Dinnéar, 22.15: Suipéar

 

sections
Follow Us - Blue box
Facebook ButtonBebo ButtonTwitter ButtonYouTube ButtonFlickr ButtonBlog Button
Footer Blue Bar
Cóipcheart Colaiste na Rosann 2009.      Eolas   I   Déan Iarratas   I   Riachtanaisí   I   Taisteal   I   Lóistín   I   Gníomhaíochtaí   I   Iarscoláirí Hi–Hóra!   I   Teagmháil        Suíomh deartha ag CHI Media
Gaeilge I English