



Cad a Dhéanaimid?
Is í an aidhm at á ag Coláiste na Rosann ná an Ghaeilge a mhúineadh ar bhealach lách taitneamhach agus grá agus spéis sa teanga a chothú in atmaisféar pléisiúrtha na laethanta saoire. Is í an Ghaeilge Chaighdeánach a mhúintear go héifeachtach agus go tapa sa choláiste. Déantar an dalta a thumadh i gcultúr an cheantair agus foghlaimeoidh sé/sí na nósanna áitiúla go cothrom i ranganna foirmiúla na maidine, i ngníomhaíochtaí neamhfhoirmiúla an tráthnóna agus i siamsaíocht na hoíche. Is mar sin a thiocfaidh an dalta ar thuiscint níos fearr ar ár gcultúrl, ár gcuid nósanna agus saol na Gaeltachta anseo i nDún na nGall.
Is nós an-choitianta é do go leor buachaillí agus cailíní idir deich agus ocht mbliana d’aois freastal ar choláiste Gaeltachta. Glacann suas le 25,000 páiste páirt sa grás foghlama seo gach Meitheamh, Iúil agus Lúnasa. Is é Coláiste na Rosann, i gceantar álainn na Rosann, céad rogha na gcéadta dalta. Foghlaimíonn agus forbraíonn siad líofacht sa Ghaeilge agus faigheann siad taithí ar an láthair ar chultúr agus ar thraidisiúin shaibhre na nGaeltachtaí. Is tríd an teanga náisiúnta a thagann siad ar thuiscint níos doimhne don chultúr, don oidhreacht agus do stair na hÉireann. Iad siúd, fiú amháin, nach bhfuil spéis mhór acu sa teanga tagann siad chun páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí uilig agus chun cairde nua a dhéanamh.
Spóirt: Peil Ghaelach, Leadóg Bhoird, Haca Aeir, Lúthchleasaíocht, Cluichí Trá, Liathróid láimhe, Eitpheil, Dreapadóireacht Sléibhte, Peil.
Spóirt Uisce: Cadhcáil, Snorcallú, Snámh, Surfáil, Bádóireacht.

Gníomhaíochtaí Ilmheánacha: Beochan cré, páipéir agus scáthchrutha, aisteoireacht, ag déanamh cláir do scéal, scannánaíocht agus
taifeadadh fuaime.

Turais: Bádóireacht, Na hOileáin, Donegal Adventure Centre, Siopadóireacht, Ionad Cois Locha, An Linn Snámha, Dreapadóireacht Sléibhte, Trá na Carraige Finne.
Gníomhaíochtaí na hOíche: Céilithe, Dioscónna, Scannánaíocht, Drámaí, Bearbaiciú, Comórtas Talainne, Oíche théama, Comórtas na dTithe, Tráth na gceist, Is Duine Cáiliúil mé, Bréigéide.