|
Eolas ar Chúrsaí
Cúrsaí an tSamhraidh 2012
Dátaí:
Cúrsa A: 03/06/2012 go 24/06/2012
Cúrsa B: 01/07/2012 go 22/07/2012
Bróisiúr an tSamhraidh Íoslódáil anseo.
Cúrsa A agus B
Táille: €695 Éarlais: €195 Bus: €50
Spórt: Peil Ghaelach, Leadóg Bhoird, Haca Aeir, Lúthchleasaíocht, Cluichí Trá, Cispheil, Liathróid láimhe, Eitpheil, Dreapadóireacht Sléibhte, Peil.

Spóirt Uisce: Cadhcáil, Snorcallú, Snámh, Surfáil, Bádóireacht.

Gníomhaíochtaí Ilmheánacha: Beochan cré, páipéir agus scáthchrutha, aisteoireacht, cláir scéil a chumadh, scannánaíocht agus
taifeadadh fuaime.

Turais: Bádóireacht, Na hOileáin, Donegal Adventure Centre, Siopadóireacht, Ionad Cois Locha, An Linn Snámha, Dreapadóireacht Sléibhte, Trá na Carraige Finne.

Gníomhaíochtaí na hOíche: Céilithe, Dioscónna, Scannánaíocht, Drámaí, Bearbaiciú, Comórtas Talainne, Oíche théama, Comórtas na dTithe, Tráth na gceist, Is Duine Cáiliúil mé, Bréigéide

Clár an Lae
| 10.00 am - 1.00 pm |
|
Ranganna Teanga |
| 1.00 pm - 2.30 pm |
|
Dinnéar |
| 2.30 pm - 3.00 pm |
|
Ceol, Amhránaíocht, Damhsa, Ealaíon agus Ceardaíocht |
| 4.00 pm - 5.30 pm |
|
Spórt/ Spórt Uisce /Ranganna Ilmheáin/Turais |
| 5.30 pm - 8.00 pm |
|
Am Tae / Am Pearsanta |
| 8.00 pm - 10.00 pm |
|
Ócáidí Sóisialta |
| 10.30 pm |
|
Suipéar |
Bróisiúr le híoslódáil anseo gan mhoill.
Tuilleadh Eolais ar fáil:
Seosamh Ó' Duibheannaigh ar +353 (0)86 2600549
____________________________________________________________
Gearrchúrsaí Bunscoile 2012
Cúrsaí 5 Lá
Cúrsa 1: 30/04/12 - 04/05/12
Cúrsa 2: 14/05/12 - 18/05/12
Cúrsa 3: 21/05/12 - 25/05/12
Cúrsa 4: 28/05/12 - 01/06/12
Dátaí eile ar fáil ach réamhshocrú a dhéanamh
Cúrsa 1,2,3,4
Táille: €295 an dalta. Éarlais: €100.
Gearrchúrsaí Bunscoile go speisialta do Rang 5 agus Rang 6.
I measc na n-imeachtaí beidh ranganna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla teanga, ceol, amhránaíocht, rince, gníomhaíochtaí spóirt agus turais chuig áiteanna spéisiúla sa cheantar agus chuig ionaid eachtraíochta. Beidh ócáidí sóisialta againn chomh maith idir thráthanna na gceist, céilithe, dioscónna, ceolchoirmeacha agus oícheanta téama.
Clár an Lae
| 10.00 am - 1.00 pm |
|
Ranganna Teanga |
| 1.00 pm - 2.30 pm |
|
Dinnéar |
| 2.30 pm - 3.00 pm |
|
Ceol, Amhránaíocht, Damhsa, Ealaíon agus Ceardaíocht |
| 4.00 pm - 5.30 pm |
|
Spóirt / Turais |
| 5.30 pm - 8.00 pm |
|
Tae agus Am Pearsanta |
| 8.00 pm - 10.00 pm |
|
Ócáidí Sóisialta |
| 10.30 pm |
|
Suipéar |
Bróisiúr Bunscoile íoslódáil anseo gan mhoill .
Tuilleadh eolais ar fáil ó Joe ag 086 2600549.
____________________________________________________________
Clár na hIdirbhliana
Cúrsa A: 16/04/12 - 20/04/12
Cúrsa B: 23/04/12 - 27/04/12
Cuirtear cúrsaí ar fáil go ghrúpaí scoile i rith na scoilbhliana.
Déanaimid dícheall cúrsaí a chur ar fáil a dhéanfaidh freastal ar riachtanaisí scoileanna faoi leith, ar nós cúrsaí ina bhfuil spóirt uisce nó ilmheáin san áireamh.
Tig léachtóirí, daoine proifisiúnta, seanchaithe agus aíonna speisialta chun ranganna a theagasc ar na cúrsaí seo. Bíonn roinnt scoileanna san áireamh ar gach cúrsa, rud a cheadaíonn deiseanna comhrá agus comhoibrithe idir scoileanna. Mar gheall ar an éagsúlacht grúpaí, is féidir réimse leathan imeachtaí tráthnóna a chur ar fáil, ar nós dioscónna, tráth na gceist agus céilithe.
I dtithe ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga labhartha, de chuid na háite a stopann na daltaí. Tá an lóistín, 4 bhéile sa lá agus cúrsaí taistil san áireamh sa táille. I lóistín príobháideach a stopann na múinteoirí.
Níl le déanamh ach an líon daltaí a bheidh sa ghrúpa agus na dátaí a theastaíonn uait a chur in iúl dúinn, mar aon le gach riachtanas eile.
Cúrsaí 3 lá: €295 an dalta. Éarlais €100.

Tá eolas ar fáil maidir le cúrsaí eile níos faide nó níos gairide, cúrsaí
deireadh seachtaine ar fáil ó Seosamh Ó Duibheannaigh ag 086-2600549 nó 074 95 48562
Tá eolas ar fáil maidir le cúrsaí eile níos faide nó níos gairide agus cúrsaí deiridh seachtaine ar fáil ó Seosamh Ó' Duibheannaigh ar 086 2600549.
____________________________________________________________
Ná Cúrsaí
|
|
Buachaill |
Cailín |
|
Cúrsa A |
|
|
|
Cúrsa B |
|
|
| Cúrsa C |
|
|
| Cúrsa D |
|
|
____________________________________________________________
Ag cur áite in Áirithe do 2012
Tá sé tábhachtach áit a chur in áirithe gan mhoill. Chun áit a chur in áirithe déan cinnte go bhfuil áit ar fáil ar dtús. Déan an fhoirm iarratais a íoslódáil má tá áit ar fáil. Líon isteach an fhoirm agus seol chugainn í leis an éarlais. Déan cinnte go bhfuil na rialacha go léir léite agat. Má chuireann tú iarratas isteach is é sin agus a rá go nglacann tú le rialacha iomlána an choláiste.
____________________________________________________________
Foirm Iarratais
Cliceáil anseo chun foirm iarratais a fháil
____________________________________________________________ |