small blue box
Yellow Box
big blue box
medium yellow box

- Rialacha

- Tabhair leat

- Cúram Sláinte

- Maoirseacht

2010
2010 Video
2009
2009 Video
2008
2008 Video

media

Rialacha an Choláiste

Riail na Gaeilge
Caithfidh gach dalta iarracht mhaith a dhéanamh an Ghaeilge a labhairt an t-am ar fad chun cuidiú lena líofacht. Nuair nach bhfuil iarracht ar bith nó iarracht an-bheag á déanamh ag dalta cuirfear fios ar na tuismitheoirí le féachaint an féidir an scéal a fheabhsú. Coimeádann údarás an choláiste, an ceart aige féin, iarraidh go mbainfear an dalta den chúrsa má thugann sé/sí neamhaird leanúnach agus follasach ar an riail seo.

Rialacha Eile
D’fheadfaí an dalta a dhíbirt den chúrsa, ar chúiseanna sábháilte, ar aon cheann de na cúiseanna seo chomh maith:

Seilbh nó úsáid alcóil nó drugaí, nach cógas ordaithe iad (caitheamh tobac agus mí-úsáid tuaslagóirí san áireamh)
 

- Má bhíonn dalta as láthair ón gcoláiste, ón teach, ó na ranganna nó ó ghníomhaíochtaí gan cead a fháil roimh ré ón ardmháistir.

- Imeaglú ó bhéal nó fisiciúil/ mí-iompar leanúnach nó mí-iompar a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh, go síceolaíoch nó bealach eile dóibh féin nó do mhic léinn eile.

Má bhíonn an dalta as láthair ón teach lóistín i ndiaidh 10.30 i.n.

- Má théann an dalta ag taisteal nó má fhágann siad an limistéar ainmnithe gan cead.

Má dhiúltaítear, ar bhonn leanúnach, treoracha an Ardmháistir nó na foirne a leanúint.

Fóin Phóca
Tá cosc ar fhóin phóca a úsáid i dtimpeallacht an choláiste i rith an lae. Is féidir glaonna a ghlacadh agus a dhéanamh sa teach loistín amháin. Caithfear gach fón a mhúchadh agus a thabhairt don bhean an tí chun iad a chur i dtaisce gach oíche roimh 11i.n.
 

Cad ba chóir a thabhairt leat?

Ba chóir do gach dalta neart éadaí teolaí compordacha agus cosanta a thabhairt leo; éadaí uiscedhíonacha agus seaicéad éadrom báistí le hábhar frithchaiteach (nó banda muinchille frithchaiteach).

Ní mór do gach dalta cóta báistí a bheith ina s(h)eilbh i gcónaí ar eagla go mbeadh cith báistí ann. Ba chóir do gach dalta na hearraí maisíochta seo a leanas a thabhairt freisin; scuab fiacla, taos fiacla, díbholaíoch (níl aerasóil ceadaithe), gallúnacha agus tuáillí. Ba chóir do gach dalta a thuáille phearsanta féin amháin a úsáid an t-am ar fad. Tá cosc iomlán ar aerasóil mar is féidir mí-úsáid a bhaint astu agus is féidir leo a bheith dainséarach.

Ná déan dearmad orthu seo: spéaclaí, cógas, táibléid, airgead nó an rud speisialta sin! 

 

Ná tóg leat:  Earraí atá luachmhar nó a bhfuil luach pearsanta ag baint leo:  éadaí, seodra, suimeanna móra airgid a bheadh ina chúis bhuartha dá gcaillfí nó dá ngoidfí é. 

Tabhair leat bróga rince Gaelach, uirlisí ceoil, éadaí spóirt, bréigéide, éadaí snámha agus tuáillí do na hócáidí speisialta; Oícheanta téama, imeachtaí stáitse agus spóirt. 

Tabhair leabhar nótaí le clúdach crua agus peann ag an rang gach lá.  Bheadh foclóir póca Béarla Gaeilge úsáideach freisin!


Cúram Sláinte

Fostaíonn an coláiste banaltra áitiúil, a bhfuil taithí fhairsing aici, chun aire a thabhairt don ghnáthchúram sláinte na ndaltaí. Tá an tseirbhís laethúil seo ar fáil, saor in aice do gach dalta. Bíonn dochtúir ar fáil i gcónaí i gcásanna timpistí/tinnis níos dáiríre. Is faoi na tuismitheoirí/caomhnóirí íoc as na táillí agus na costais leighis uilig eile seo seachas an chuairt ar an mbanaltra. Níl an t-ospidéal áitiúil ach 5 mhíle ón gcoláiste. Iarrtar ar thuismitheoirí an coláiste a chur ar an eolas i scríbhinn maidir le breoiteacht, nósanna itheacháin neamhchoitianta, fadhbanna foghlama, sóisialta nó pearsanta, ailléirgí agus obráidí a bhí ag do pháiste le déanaí. Tá cosc iomlán ar thobac a chaitheamh ar gach cúrsa.

Árachas
Tá árachas slánaíochta den chaighdeán agus den leibhéal céanna ag Coláiste na Rosann is atá ag gach gnáthbhunscoil agus meánscoil in Éirinn. 
 

Maoirseacht agus Sábháilteacht  

Tá taithí fhairsing ag bainistíocht Choláiste na Rosann ag eagrú, ag pleanáil agus ag cur cúrsaí Gaeilge agus Gníomhaíochta den scoth ar fáil.  Táimid an-bhródúil as an gclú agus as an gcáil atá orainn maidir leis seo.  Ní fhostaíonn Coláiste na Rosann ach an fhoireann is gairmiúla agus is oilte dá bhfuil ann.  Tá árachas slánaíochta den chaighdeán agus den leibhéal céanna againn is atá ag gach gnáthbhunscoil agus meánscoil in Éirinn.  Bíonn an-mhaoirseacht i gceist i gcónaí i rith na ngníomhaíochtaí.  Déanann banaltra freastal ar shláinte agus ar leas na mac léinn i rith na gcúrsaí.  Tá an tseirbhís seo ar fáil saor in aisce i rith an chúrsa.   Tá dochtúir áitiúil ar glao-dhualgas i gcónaí chomh maith.  Is faoin mac léinn íoc as na costais uilig seo.

Coinníonn muid súil ghéar ar na mic léinn i rith an chúrsa.  Caithfidh gach dalta freastal ar chruinniú faisnéise ar bhaint amach an choláiste dóibh.  Tá an cruinniú seo an-tábhachtach agus iarrtar ar gach mac léinn aire iomlán a thabhairt.  Cuirtear na mic léinn ar an eolas maidir le dainséir éagsúla sa cheantar, an limistéir ainmnithe atá acu, rialacha an choláiste agus gnéithe sábháilteachta an chúrsa.  Is fíor-annamh a bhíonn fadhbanna againn agus mar sin de ná bí ag súil leo le do thoil. 

Bíonn go leor múinteoirí cáilithe agus cúntóirí oilte i gceannas againn i rith an lae agus bíonn an-mhaoirseacht agus cuidiú ar fáil do na daltaí i gcónaí.  Iarrann muid comhoibriú iomlán i gcónaí ar gach mac léinn atá ag freastal ar an gcúrsa.  Níor chóir agus ní féidir rialacha an choláiste a bhriseadh.  I gcás drochshárú na rialach a bhaineann le gnáthreáchtáil cúrsa sábháilte, coinníonn Coláiste na Rosann an ceart acu féin an dalta sin a dhíbirt den chúrsa. 


sections
Follow Us - Blue box
Facebook ButtonBebo ButtonTwitter ButtonYouTube ButtonFlickr ButtonBlog Button
Footer Blue Bar
Cóipcheart Colaiste na Rosann 2009.      Eolas   I   Déan Iarratas   I   Riachtanaisí   I   Taisteal   I   Lóistín   I   Gníomhaíochtaí   I   Iarscoláirí Hi–Hóra!   I   Teagmháil        Suíomh deartha ag CHI Media
Gaeilge I English