small blue box
Yellow Box
big blue box
medium yellow box

- Cá Bhfuil an Coláiste?

- Cúrsaí Taistil

- Mapa Idirghníomhach


2011
2011 Video

2010
2010 Video


media
Cá bhfuil an coláiste?

Tá an coláiste suite in Anagaire; 6 mhíle ón gClochán Liath agus 8 míle ó Ghaoth Dobhair.  Táimid 40 míle ó Leitir Ceanainn agus 43 míle ó Bhaile Dhún na nGall. 

Tá Gaeltacht Dhún na nGall ar an nGaeltacht is mó i measc na seacht nGaeltacht in Éirinn.

Tá Coláiste na Rosann suite i lár na Gaeltachta cáiliúla seo, an Ghaeltacht is saibhre agus is nádúrtha, d’fhéadfá a rá.  Is ceantar álainn iargúlta é seo le radhairc áille thart ort idir shléibhte agus fharraige.  Bíonn go leor daltaí ag feitheamh go fonnmhar le tréimhse a chaitheamh sa cheantar seo gach bliain.  Tagann na mic léinn anseo chun ár dteanga dhúchais a chloisteáil ina timpeallacht nádúrtha.  Tagann go leor cuairteoirí anseo chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus sult a bhaint as an gceantar, as na daoine agus as an atmaisféar suaimhneach.

Feidhmíonn Coláiste na Rosann i bhfoirgneamh saintógtha, a bhfuil dea-chothabháil air, i lár shráidbhaile Anagaire, sna Rosa, in Iarthar Dhún na nGall.  Tá an coláiste suite i gcroílár na Gaeltachta agus tagann go leor daoine, a bhfuil spéis acu sa teanga, ó chian agus ó chóngar le tamall a chaitheamh ann.  Rugadh go leor scoláirí ceoil, litríochta agus na n-ealaíon sa cheantar saibhir agus ilghnéitheach seo.  Tugann an cultúr saibhir seo seans do chuairteoirí taithí uathúil agus léargas a fháil ar na nósanna áitiúla.  Tagaigí agus bainigí sult as…


Cúrsaí Taistil


Is féidir taisteal chun an choláiste ar Bhusanna Speisialta nó tá rogha ag mic léinn eitilt ó Bhaile Átha Cliath go hAerfort Dhún na nGall le hAer Arann.  Tá Aerfort Dhún na nGall dhá mhíle ó shráidbhaile Anagaire.  Tá eitilt laethúil ann ó Bhaile Átha Cliath go Dún na nGall.  Turas 35 nóiméad atá ann.  Is faoi na tuismitheoirí na heitiltí a chur in áirithe agus baileoimid na mic léinn ón aerfort má iarrtar orainn roimh ré. 

Tá fáilte roimh mhic léinn atá ag iarraidh teacht anseo i gcarranna príobháideacha chomh maith.  Cuireann Coláiste na Rosann busanna faoi mhaoirseacht ar fáil ó na bailte móra.  Cuirfear na sonraí faoin láthair bailithe is giorra duit chugat coicís roimh thús an chúrsa.  €80 an costas atá ar thuras fillte; bagáiste agus aistrithe san áireamh. 

Baineann an tseirbhís seo le mic léinn a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh de Chontae Dhún na nGall amháin.  Úsáideann Coláiste na Rosann comhlacht an-mhaith busanna a bhfuil scoth na dtiománaithe agus na mbusanna acu ionas go mbeidh turas taitneamhach agat.  Feicfidh tú rogha na radharc ar do bhealach ó thuaidh.





 


 

sections
Follow Us - Blue box
Facebook ButtonBebo ButtonTwitter ButtonYouTube ButtonFlickr ButtonBlog Button
Footer Blue Bar
Cóipcheart Colaiste na Rosann 2009.      Eolas   I   Déan Iarratas   I   Riachtanaisí   I   Taisteal   I   Lóistín   I   Gníomhaíochtaí   I   Iarscoláirí Hi–Hóra!   I   Teagmháil        Suíomh deartha ag CHI Media
Gaeilge I English